Teagascóir Gaeilge Páirtaimseartha

Folúntas
Cianobair | Saoroibrí
Dhá sheisiún sa mhí – Dé Máirt 20:00

Cabhraíonn Bitesize Irish le daoine an Ghaeilge a fhoghlaim, a chleachtadh agus a úsáid gach lá. Ár mana ná Gaeilge Gach Lá.

Táimid ar thóir teagascóir tuisceanach cabhrach le dhá sheisiún cleachtadh a reáchtáil gach mí. Tá na seisiúin i gcóir baill Ciorcal Beo, daoine fásta iad atá ag foghlaim na Gaeilge.

Tá sé deacair ar aon fhoghlaimeoir an Ghaeilge a labhairt agus a úsáid. Do ról ná spás tacaíochta a chur ar fáil dóibh le hiad a spreagadh le feabhas a chur ar a gcuid Gaeilge labhartha.

An Ról
Dhá sheisiún a reáchtáil ar Zoom gach mí, de ghnáth ar an dara agus ceathrú Máirt de gach mí ag 20:00-21:00. Cuireann Bitesize Irish na scripteanna agus áiseanna foghlama ar fáil. Déanfaidh tú nótaí seisiúin roimh ré le taighde ar cheachtanna ábhartha ag Bitesize Irish, agus roinnfidh tú na nótaí tar éis an tseisiúin ar an bhfóram. I rith an tseisiúin, tabharfaidh tú spás do dhaoine an script a chleachtadh, fáilteoidh tú roimh cheisteanna, agus míneoidh tú samplaí agus coincheapa ábhartha.

Teagascóir Oiriúnach

Tá an ról seo oiriúnach do theagascóir:

  • Cineálta, tuisceanach agus compordach le bheith mar chuid den phobal
  • A bhaineann taitneamh as cabhrú le daoine
  • Taithí acu le teagasc daoine fásta
  • Gaeilge bheacht
  • Suim sa chultúr, ceol, srl
  • Nasc idirlíon láidir agus trealamh ríomhaireachta ar ardchaighdeán
  • Fáilte roimh gach canúint
  • Bunchéim nó oiliúint sa Ghaeilge
  • Gníomhach i saol na Gaeilge

Conradh
Conradh saoroibrí le híocaíocht déanta i gcoinne sonrasc míosúil. €80 do gach seisiún, le réamhobair san áireamh. Beidh an chéad chonradh ar bhonn trí mhí, le seans conradh níos faide.

Cur Isteach
Seoil do CV chuig eoin@bitesize.irish faoi cheann Dé Chéadaoin 15ú Iúil 2026. Is féidir nóta gutha nó físeán a chur san áireamh (ar a mhéid dhá nóiméad i bhfad) ag rá cén fáth go bhfuil suim agat sa ról seo agus cad a mhúscail do shuim sa Ghaeilge.

>