An bhfuil ard-chaighdeán sa Ghaeilge agat, grá agat don teanga, le croí múinteora? Tá ról Forbróir Ábhair Foghlama ag Bitesize Irish. Sa ról seo, oibreoidh tú ar chúrsaí ar-líne le Bitesize Irish a fheabhsú, agus cúrsaí nua ar-líne a fhorbairt. Tá na cúrsaí i gcomhair daoine fásta atá ag foghlaim na Gaeilge. Tá meascán idir daoine a raibh Gaeilge acu ar scoil, agus oll-tosaitheoirí. Is ról buan páirt-aimseartha agus ó chian é, de ghnách 10 uair a chloig a tseachtain. Ról cuíosach solúbtha atá ann.
Freagrachtaí sa ról:
- Stráitéis ábhar foghlama a fhorbairt bunaithe ar na gcúrsaí atá againn, agus ár aidhmeanna de chabhrú le cineáil difriúla foghlaimeoirí fásta.
- Stráitéis foghlama do ghach chúrsa a leagan amach. Aidhmeanna foghlama a leagan amach do ghach ceacht.
- Ceachtanna a scríobh de réir na h-aidhmeanna foghlama. Ábhar cosúil le fuaimeanna agus íomhánna a mheascadh isteach sna ceachtanna.
- Eagair a chuir ar cheachtanna atá againn. Ceachtanna a fheabhsú de réir a chéile bunaithe ar aiseolas. Cinntiú go bhfuil caighdeán ard inár n-ábhair foghlama.
- Quizeanna agus tionscnaimh a chuir le cúrsaí, le cabhrú leis an fhoghlaimeoir na h-aidhmeanna foghlama a bhaint amach.
- Ceisteanna thar r-phost a fhreagairt ó chustaiméirí ar na hábhair cúrsaí atá siad ag oibriú tríd.
- Taighde a dhéanamh lenár lucht féachanna agus custaiméirí, lena gánna foghlama a thuiscint.
- Ceachtanna na seachtaine a roghnú de réir téama foghlama na seachtaine, agus custaiméirí a spreagadh len iad a thógaint.
- Mion-ábhair foghlama a chruthú i gcomhair máirgíocht, cosúil le cheat sheets.
Scillenna riachtannacha
- Ard-chaighdeán Gaeilge. Grá agat don teanga, agus an grá sin a spreagadh i bhfoghlaimeoirí.
- Scilleanna cumarsáide scríobhtha den scoth as Gaeilge agus as Béarla. A bheith in ann coincheapanna casta gramadaí a mhíniú go simplí, i mbealach nach scanraíonn an gnáthfhoghlaimeoir. Ábhair a chur in oiriúnt don lucht féachanna, más iad sin daoine in Éirinn ag teacht ar ais chuig an Ghaeilge, nó foghlaimeoirí idirnáisiúnta.
- Ábalta go teicniúil, le bheith in ann obair ó chian le huilrlisí éagsúla a bhfaighidh tú traenáil iontu (WordPress ach go háirithe; agus Google Docs, Aweber, Trello, Gmail).
- Obair foirne agus go neámhspleách: Go maith ag obair ar fhoireann. Braitheann an fhoireann ar a chéile. Beidh an chuid is mó de do chuid oibre caite go féin-dírithe.
- Beacht agus cúramach. Tá gá leis na hábhair a struchtúrú go cúramach. Formáidiú seasmhach a úsáid.
Ardscileanna
Níl gá leis an scileanna seo don ról, ach bheadh buntáiste leo:
- Máirgíocht. A bheith in ann stráitéis máirgíochta a chruthú agus a leanúint, ag roinnt mion-ábhair foghlama, le máirgíocht tríd mion-mhúineadh na Gaeilge.
- Íomhánna a chruthú, ag baint úsáid as uirlis mar Canva, le bheith in úsáid ar na meáin sóisialta.
- Taithí múinteoirachta na Gaeilge go háirithe ar-líne, nó ábhair foilsithe i gcóir foghlaimeoirí a bheith cruthaithe agat.
Riachtanais
- Idirlíon iontaofa le nasc ar a laghad 10Mbps i gcomhair físeáin bheo (seiceáil ar fast.com)
- Trealamh iontaofa nach gcuireann Bitesize Irish ar fáil: ríomhaire glúine le ceamara agus micreafón.
- Spás ciúin le hobair ann (i gcomhair glaonna)
Conas cuir isteach ar an ról
Tá an ról seo dúnta anois d’iontrálacha.
Seol do CV chuig [email protected] leis an ábhar “Forbróir Ábhair Foghlama” faoi cheann Luain 12ú Iúil 2021.
Maidir le Bitesize Irish:
Bunaithe i 2010, le ceanncheathrú i Luimneach, táimid ag cabhrú le daoine an Ghaeilge a fhoghlaim ar-líne. Ár mana ná Gaeilge Gach Lá. Foireann bheag ó chian muid. Idir chúrsaí ar líne, agus phobal príobháideach foghlama le glaonna cleachta, tugaimid sár-chabhair do dhaoine ar fud an domhain. bitesize.irish
Is féidir ceachtanna samplacha a fheiceáil, tríd síniú suas d’ár ballraíocht saor Taster.