Fógra – Ról Bainisteoir Pobail

Tá iontrálacha ar an ról seo DÚNTA ón 30/07/2020.

Ról: Bainisteoir Pobail

Láthair: Scoite (remote), go hídéalach in Éirinn

Am: Páirt-aimseartha (15 uair a chloig sa tseachtain)

Cuir isteach faoi cheann: Déardaoin 30ú Iúil 2020

Achoimre

Tá ról páirt-aimseartha scoite á fhógairt ag Bitesize Irish i gcóir Bainisteoir Pobail. Tugann Bitesize Irish spreagadh do dhaoine ar fud an domhain an Ghaeilge a chleachtadh. Cothóidh agus spreagfaidh an Bainisteoir Pobail ár bpobal príobháideach ar líne go laethúil, tabharfaidh an duine tacaíocht do chustaiméirí, agus eagróidh agus reachtálfaidh siad imeachtaí ar líne. Tá duine spraíúil, pearsanta agus cabhrach á lorg againn don ról seo.

Aidhmeanna

Oibreoidh tú mar chuid d’fhoireann bheag pháirt-aimseartha, ag cabhrú le baill an phobail agus le custaiméirí. Cothóidh tú an pobal foghlama príobháideach trí fháilte a chuir roimh dhaoine, daoine a nascadh le chéile, agus glaonna Zoom ball a rith. Tabharfaidh tú tacaíocht do chustaiméirí a scríobhann isteach, le fadhbanna ballraíochta, teicniúla agus foghlama san áireamh. Scríobhfaidh tú agus seolfaidh tú nuachtlitir r-phoist gach seachtain. Eagróidh tú agus glachfaidh tú páirt i seisiúin bheo Q&A. Eagróidh tú ceardlanna foghlama ar líne (sin iad cúrsaí laethúla a mhaireann cúpla seachtain ag an am).

Dualgaisí

  • Cruthaitheacht a úsáid leis an bpobal ar an bhfóram a chothú 
  • Baill den phobal a spreagadh leis an nGaeilge a chleachtadh
  • Freagairt go laethúil do dhaoine a scríobhann isteach (ar ríomhphost agus ar an bhfóram)
  • Fadhbanna le ballraíochtaí a réiteach i gcomhair custaiméirí atá ag íoc
  • Tacaíocht Ghaeilge a thabhairt do dhaoine, agus oibriú leis an gcúntóir teanga le réiteach a fháil
  • Tograí foghlama a rith ar an bhfóram (focal an lae mar shampla), agus aischothú ceartúcháin teanga a thabhairt do na baill
  • Nuachtlitir a sheoladh gach seachtain
  • Blag iontrálacha a scríobh agus a fhoilsiú ag fógairt imeachtaí, Q&A san áireamh
  • Q&A a rith go beo ar-líne lenár gcúntóir teanga
  • Freastail ar ghlaoch foirne go seachtainiúil
  • Ceardlanna ar-líne neamh-rialta a eagrú

Ról scoite

Ról scoite atá i gceist. Sé sin le rá gur féidir í a dhéanamh ó aon áit a bhfuil nasc idirlín láidir agat le do ríomhaire féin. Is gá duit a bheith féin-stiúrtha mar ní oibríonn baill den fhoireann ag an am céanna de ghnách. Tá scileanna láidre fadhbréitigh ag teastáil uait.  Is gá cuid den obair a dhéanamh níos déanaí sa tráthnóna (bíonn imeachtaí agus cruinnithe ar siúl ag 7i.n. agus 8i.n. go minic). 

Beidh Gaeilge mhaith – idir labhartha agus scríofa – ag an té a cheapfar. Déanann an fhoireann cumarsáid trí mheán na Gaeilge amháin. Beidh ort a bheith in ann coincheapa gramadaí Gaeilge a mhíniú trí Ghaeilge agus trí Bhéarla. Beidh tú mar fhoinse cabhrach agus tacaíochta Ghaeilge d’ár gcustaiméirí, in éineacht lenár gCúntóir Teanga.

Tá gá le cumas teicneolaíochta maith, le deighleáil le córais éagsúla a bhfaighidh tú traenáil orthu, cosúil le Gmail, WordPress agus Trello. Tá glaonna físe i gceist leis an ról (leis an bpobal (na custaiméirí) agus leis an bhfoireann).

Maidir le Bitesize Irish

Is comhlacht beag í Bitesize Irish, le triúr páirt-aimseartha in Éirinn san fhoireann. Cabhraímid ach go háirithe le daoine a fhreastalaíonn ar ranganna Gaeilge, agus ar fhoghlaimeoirí gníomhacha. Tá an chuid is mó d’ár gcustaiméirí lasmuigh d’Éirinn. Is iad cúrsaí ar líne príomhtháirgí Bitesize, agus is é pobal gníomhach Bitesize Irish croí an ghnó. Breis eolais ar fáil ó [email protected].

Níl an fhoirm iontrál ar fáil a huile.