Scéalta Samhna – Halloween stories

Especially for púcaí season, listen to seven stories from míolseanchas na hÉireann – the lore of Irish creatures.

You’ll hear about

  • na sióga – the fairies
  • an bhean sí – the banshee
  • an púca – the pooka
  • an chailleach – the witch
  • an síofra – the changeling
  • an mhaighdean mhara – the mermaid
  • an fathach – the giant

You can find even more stories like this at dúchas.ie, the online home of the National Folklore Collection of Ireland.

Script

NA SIÓGA

Deirtear go bhfuil na sióga ina gcónaí faoin talamh, sna sléibhte agus sna lochanna – áiteanna i bhfad ó na bailte móra. Ach níl sióga na hÉireann gleoite agus álainn mar a fheictear i dtíortha eile: tá siad dainséarach.

Fadó fadó, bhí fear ina chónaí ar imeall portaigh lena mháthair. Gach oíche, bhí sé de nós ag an fhear dul trasna an phortaigh go dtí teach eile chun cártaí a imirt. Oíche amháin, nuair a bhí sé ag teacht abhaile trasna an phortaigh, cé a bhí ag fanacht leis ach sióg?

D’iarr an tsióg air cluiche cártaí a imirt leis agus dá mbeadh an bua aige, bheadh ar an fhear teacht leis an tsióg. Ach dá mbeadh an bua ag an fhear, thabharfadh an tsióg pota óir dó. Smaointigh an fear ar an ór, agus shuigh sé síos chun cártaí a imirt.

D’éirigh go maith leis an fhear, mar bhí sé an-mhaith ag imirt cártaí, ach bhí draíocht ag an tsióg agus ar deireadh bhí an bua ag an tsióg. Bhí ar an fhear dul leis an tsióg.

Chuaigh an fear faoin chnoc leis an tsióg ach bhí an ghráin ag na sióga eile ar an fhear. Rinne siad tine mhór agus chuir siad iarann isteach. Nuair a bhí an t-iarann leathleáilte, thóg siad amach é agus rinne siad trí fháinne. Chuir siad fáinne amháin i srón an fhir agus an dá cheann eile ina dhá chluas. Ansin, ruaig siad abhaile é.

Nuair a chonaic a mháthair é, agus na fáinní air, thosaigh sí ag caoineadh. Ach nuair a chuala sí cad a tharla, dúirt sí, “Múinfidh sin duit gan dul ag imirt cártaí san oíche.”

AN BHEAN SÍ

Tráthnóna amháin, bhí feirmeoir ag ól leanna sa teach tábhairne nuair a chuala sé scéala go raibh seanchara dá chuid tinn. Bhí a fhios aige gur chóir dó cuairt a thabahirt  ar an fhear bocht, mar ba thamall fada é ó chonaic sé a chara.

Leag sé siar an deoch agus d’fhág an teach tábhairne. Thóg an turas leathuair de shiúl na gcos, ach nuair a bhí sé ag druidim le teach an fhir thinn, chuala sé bean ag caoineadh taobh amuigh den teach. Ní fhaca sé an bhean, ach thuig sé go raibh an scéal go dona.

Isteach leis an fhear, agus bhí bean chéile a charad an-sásta é a fheiceáil. “Tar isteach,” ar sise, “tá m’fhear céile ina luí ina sheomra leapa.” Chaith an feirmeoir tamall lena sheanchara, ach cé go raibh sé an-tinn, bhí dea-ghiúmar air.

D’fhág an feirmeoir slán lena chara agus chuaigh amach chun slán a fhágáil leis an bhean. “Go raibh maith agat as teacht,” ar sise. “Ná habair é,” ar an feirmeoir, “ach an tusa a bhí ag caoineadh taobh amuigh den teach?” “Ní mise a bhí ann,” arsa an bhean.

Chuaigh an feirmeoir abhaile agus mearbhall air, ach an lá dár gcionn fuair sé teachtaireacht go raibh a sheanchara marbh. Ba ansin a thuig sé gur an bhean sí a chuala sé.

AN PÚCA

Bhí fear ann darbh ainm Séamas Ó Loingsigh, agus lá amháin chuaigh sé féin agus a bhean isteach go Gaillimh chun a gcuid cruithneachta agus uibheacha a dhíol. Bhí sé ag éirí dorcha nuair a bhí siad réidh le dul abhaile, agus chonaic siad go raibh an cóiste imithe cheana. Ní raibh an dara rogha acu ach siúl abhaile.

Ní raibh siad i bhfad ar an bhóthar sular bhuail siad le comharsa dá gcuid a bhí sa bhád chéanna, agus mar sin bhí comhrá deas ag an triúr acu agus iad ag siúl abhaile san oíche.

Leath bealaigh abhaile, bhí siad ag éirí tuirseach nuair a chonaic Séamas capall in aice le loch faoi sholas na gealaí. “Dá mbeadh capall againn, bheimis abhaile gan mhoill,” ar Séamas.

Chuaigh sé a fhad leis an chapall agus léim ar a dhroim, ach chomh luath is a shuigh sé ar dhroim an chapaill, thuig an bheirt eile go raibh rud éigin mícheart. “Tar anseo,” ar Séamas leo, “tá spás don triúr againn ar an chapall seo!”

Ach chonaic an bheirt eile go raibh an capall ag méadú agus ag athrú agus ag méadú arís. Níorbh chapall a bhí ann ar chor ar bith, ach púca! Ansin, bhailigh an púca leis, ag rith agus ag rásaíocht in aice leis an loch agus thar dhroim an uisce.

Ní raibh Séamas ábalta rud ar bith a dhéanamh ach greim a choinneáil ar mhoing an phúca agus a shúile a dhruidim. Ach bhí bean chéile Shéamais cliste, agus thuig sise  cad a bhí le déanamh. 

An lá sin i nGaillimh bhí sí i ndiaidh mála salainn a cheannach, agus nuair a tháinig an púca gar di chaith sí an mála salainn gur lig an púca scread as agus thit Séamas ar an talamh.

Bhí an púca imithe san oíche, agus tar éis sin tugadh Loch an Phúca ar an áit.

AN CHAILLEACH

Tráth dá raibh chonaic feirmeoir giorria bán ag ól bainne díreach as bó agus ina dhiaidh sin níor thug an bhó chéanna bainne ar bith eile. Nuair a labhair an feirmeoir lena chomharsana fuair sé amach gur tharla a leithéid dóibh siúd go raibh fadhb mhór acu.

Bhí fear óg cliste sa cheantar, a fuair scoláireacht chun staidéar a dhéanamh thar sáile, agus thóg an scoláire seo air féin chun an giorria bán seo a mharú. Níor chreid muintir na háite go mbeadh sé ábalta é sin a bhaint amach, ach lig siad leis iarracht a dhéanamh.

Bhí cú breá mór ag an scoláire agus chuaigh siad suas sna sléibhte chun an giorria a aimsiú. Tar éis cúpla lá fuair an cú boladh an ghiorria agus léim siad ar aghaidh i dtreo gleanna ard sna sléibhte.

Nuair a chonaic siad an giorria, thosaigh an giorria ag rith agus thosaigh an cú agus an scoláire ag rith ina dhiaidh. Bhí an giorria sciobtha, ach má bhí an giorria sciobtha bhí an cú agus an scoláire sciobtha freisin, agus lean siad an giorria suas a fhad le bothán ar thaobh an tsléibhe.

Bhí an cú gar don ghiorria faoin am seo agus bhain sé greim as, ach d’éalaigh an giorria nuair a léim sé isteach fuinneog an bhotháin. Bhí an scoláire cinnte go raibh an giorria faighte aige anois.

Chuaigh sé isteach doras an bhotháin ach ní raibh giorria ar bith ann, ach seanbhean ina suí cois tine. “An bhfaca tú giorria ag teacht isteach?” arsa an scoláire. “Ní fhaca,” arsa an bhean, “Tá mé sean agus tá mo shúile lag.”

Le teann feirge, chaith an scoláire an tseanbhean as a cathaoir, agus é cinnte go raibh sí ag cosaint an ghiorria. Ní raibh giorria ar an chathaoir, áfach, ach bhí linn fola ann. D’fhéach sé ar an bhean agus chonaic gur sise a bhí ag cur fola.

D’admhaigh an bhean leis gur í féin a bhí i riocht giorria, agus go raibh sí ag goideadh bainne ó na feirmeoirí le tamall fada. Gheall sí nach ndéanfadh sí arís é, dá ligfeadh an scoláire a beo léi. Níor mharaigh an scoláire í, agus níor inis sé don phobal faoin bhean, agus sheas an chailleach lena focal.

AN SÍOFRA

Tráth dá raibh, bhí lánúin óg ina gcónaí cois abhann agus rugadh páiste dóibh: buachaillín breá. Bhí siad an-tógtha lena mac agus bhí duine acu leis i gcónaí – bhíodh an mháthair leis i rith an lae nuair a bhí an t-athair ag obair, agus bhíodh an t-athair leis sa tráthnóna má bhí an mháthair amuigh ag cuartaíocht.

Ach lá amháin agus an t-athair amuigh ag obair, chonaic a bhean go raibh a bhuidéal bainne fágtha ina dhiaidh aige, agus chuaigh sí amach go dtí an gort chun é a thabhairt dó. Níor thug sí an leanbh léi mar go raibh an buachaillín ina chodladh, agus ní thógfadh an turas ag cúpla bomaite.

Nuair a tháinig sí ar ais, áfach, bhí an leanbh ag caoineadh is ag gol. Rinne sí iarracht é a shuaimhniú, ach d’éirigh an buachaill níos measa. Ba dhócha léi go raibh tinneas air.

Nuair a tháinig an t-athair ar ais ón obair chonaic sé go raibh a mhac ag dul in olcas. Thóg siad an leanbh go dtí an dochtúir, agus go dtí an sagart, ach d’éirigh an buachaillín níos cantalaí agus níos laige agus níos tinne.

Bhí siad i mbarr a gcéille. Ní raibh aon leigheas ar an ghalar. Ansin, tháinig cuairteoir chucu, seanbhean a raibh teachín aici ar an taobh eile den abhainn. D’fhéach an bhean ar an bhuachaill tinn agus dúirt, “Ní leanbh é sin ar chor ar bith, ach síofra!”

“Ach cad is féidir linn a dhéanamh?” arsa an mháthair. “Trí rud,” arsa an tseanbhean, “Ná tugaigí bainne don leanbh. Ná labhraígí leis nuair a bhíonn sé ag caoineadh. Agus i ndiaidh seachtaine, tugaigí an leanbh libh go bruach na habhann ag meán oíche.”

Go ceann seachtaine, lean an lánúin orduithe na seanmhná, cé go raibh sé deacair. Níor thug  siad bainne don leanbh, ach thosaigh sé ag caoineadh níos mó. Níor labhair siad leis an leanbh míshásta ach oiread, áfach, cé gur ghoill sé orthu.

Ag deireadh na seachtaine chuaigh siad chuig an abhainn ag meán oíche agus leag siad an talamh ar bhruach na habhann. Bhí iontas an domhain orthu nuair a léim an leanbh san uisce agus ar shiúl leis. Chuaigh siad abhaile  agus ina luí ina chliabhán bhí a mbuachaillín breá, slán sábháilte.

AN MHAIGHDEAN MHARA

Fadó fadó bhí rí ann i gCúige Uladh agus bhí iníon aige, agus bhí an iníon chomh galánta gur tugadh Lí Ban uirthi, ainm a chiallaíonn “Áilleacht na mBan”. Scaipeadh scéal a háilleachta ar fud na  Cúige agus thosaigh fir ag teacht chuig a hathair chun cead a iarraidh an bhean óg a phósadh.

Bhí an rí ag iarraidh a iníon a chosaint ó na daoine seo agus chuir sé Lí Ban amach as an dún le go mbeadh deis aige fear deas óg a roghnú di. Bhí ar Lí Ban fanacht i dteach beag gar don tobar.

Ar an drochuair, chonaic fear amháin Lí Ban agus í ag imeacht ón duine. Lean sé an bhean óg go dtí an teach in aice leis an tobar agus shocraigh sé ar ionsaí a dhéanamh uirthi, agus é ag déanamh go mbeadh ar an rí cead pósta a thabhairt dó ansin.

Bhris sé isteach sa teachín, agus ní raibh cosantóir ar bith ag Lí Ban ach a madadh beag. Díreach sular leag an fear lámh uirthi, áfach, chuala siad búireach uisce agus phléasc an tobar in aice leo. Scriosadh an teach agus scriosadh an talamh fúthu . Rinneadh poll mór sa tír agus líonadh an poll le huisce ón tobar. Agus sin mar a cruthaíodh Loch nEathach, an loch is mó in Éirinn.

Bádh an drochfhear ar an toirt agus níor bádh Lí Ban agus a madadh beag. Chuaigh siad síos go tóin an uisce agus tháinig siad ar uaimh faoin loch. Go ceann bliana a d’fhan Lí Ban agus a madadh san uaimh faoin loch, ach nuair a tháinig siad amach, ní cailín agus madadh a bhí iontu a thuilleadh, ach maighdean mhara agus dobharchú.

AN FATHACH

Bhí fathach ina chónaí i lár Chúige Uladh. Deir daoine áirithe gur Fionn Mac Cumhail a bhí ann, ach deir daoine eile go raibh ainm eile air. Ach aontaíonn gach duine go raibh an fathach i gcónaí ag argóint agus ag troid le fathach eile trasna na farraige in Albain.

Uair amháin shocraigh Fionn ar dhul go hAlbain chun greadadh a thabhairt don fhathach Albannach, agus thosaigh sé ag tógáil cosáin idir an dá thír. Nuair a bhí sé ina chodladh, áfach, é tuirseach traochta tar éis na hoibre, tháinig an fhathach Albannach agus scrios sé an cosán. An méid a bhí fágtha, tugtar Clochán an Aifir air anois.

Nuair a mhúscail Fionn bhí fearg an domhain air go raibh an cosán scriosta. Gan smaointiú, thóg sé glac talaimh  agus chaith sé an meall i dtreo Alban. Ach bhí sé chomh feargach agus ar buile go ndeachaigh an t-urchar ar strae agus thit sé ar Mhuir Éireann, i bhfad amach ó chósta na hAlban.

Ós rud é gur fathach é, áfach, bhí an glac talaimh chomh mór gur fágadh oileán i lár na farraige, ar a dtugtar Oileán Mhanann sa lá atá inniu ann, agus an poll sa talamh i lár Chúige Uladh, líonadh sé le huisce ó na haibhneacha agus tugtar Loch nEathach air anois.

🎧Listen to all Bitesize Irish Podcast episodes!

>